Is féidir leat eolas a fháil faoi phoist i Seirbhís Phoiblí na hÉireann ar publicjobs.ie. Is é seo suíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS), comhlacht neamhspleách láraithe earcaíochta, measúnaithe agus roghnúcháin don Státseirbhís, don tSeirbhís Sláinte, d’Údaráis Áitiúla, don Gharda Síochána, don tSeirbhís Phríosúin agus do chomhlachtaí eile sa tseirbhís phoiblí.
Cuimsíonn obair PAS ó chomórtais earcaíochta agus roghnúcháin ar mhórscála do phoist riaracháin, theicniúla agus ghairmiúla go próisis roghnaithe oiriúnaithe do phoist shinsearacha gairmiúla agus bainistíochta.

