Tacaíochtaí chun cuidiú leat obair a fháil
Insíonn an leathanach seo duit faoi na tacaíochtaí agus na cláir Intreo atá ar fáil chun cuidiú leat obair a fháil.
Clár Socrúcháin Taithí Oibre
Is clár deonach taithí oibre 6 mhí é an Clár Socrúcháin Taithí Oibre (CSTO), a mhaireann 30 uair in aghaidh na seachtaine. Tá an clár dírithe ar lucht cuardaigh fostaíochta atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach faoi láthair agus atá dífhostaithe ar feadh na tréimhse cáilithí ábhartha.
Tá sé mar aidhm aige deis a thabhairt do lucht cuardaigh fostaíochta nach raibh post acu riamh nó a chaill a bpost taithí oibre fhiúntach a fháil. Tá sé mar aidhm ag an gclár rannpháirtithe a ullmhú le hobair chuí agus scileanna forbartha pearsanta i dtimpeallacht thacúil agus iad ar shocrúchán oibre, chun a n-ionchais fostaíochta a mhéadú.
Íocann an Roinn rannpháirtithe ar feadh thréimhse an tsocrúcháin. Is é €369 an ráta íocaíochta seachtainiúil, móide aon íocaíochtaí breise a bhféadfá a bheith i dteideal a fháil i leith Duine Fásta Cháilithe nó Linbh Cháilithe.
Clár Fostaíochta Pobail (FP)
Is é aidhm an Chláir Fostaíochta Pobail (FP) cabhrú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (nó atá faoi mhíbhuntáiste ar bhealach eile) chun iad a chur ar ais ag obair trí shocrúcháin pháirtaimseartha agus shealadacha a chur ar fáil dóibh i bpoist atá bunaithe i bpobail áitiúla.
Tá tionscadail FP i réimsí éagsúla agus áirítear leo forbairt, athghiniúint agus feabhsú spásanna pobail, cothabháil chomhshaoil, tacaíochtaí luathbhlianta agus iarscoile, oidhreacht, ealaíona, cultúr, turasóireacht, spórt, athchúrsáil agus deisiú trealaimh, cuairteanna, glaonna cairdiúla, agus cláir chairdis do dhaoine scothaosta.
Déantar na híocaíochtaí i bhfoirm pá. Cinntear rátaí pá na rannpháirtithe bunaithe ar an teidlíocht bhunúsach leasa shóisialaigh. Is é an íocaíocht íosta sheachtainiúil (bunaithe ar 19.5 uair a bheith déanta) ná €286.50. Féadfaidh tú aon sochair bhreise a choinneáil, ar choinníoll go bhfuil tú fós incháilithe.
TÚS
Is scéim socrúcháin oibre é Tús (tionscnamh pobail um shocrúcháin oibre)a chuireann deiseanna oibre gearrthéarmacha ar fáil do dhaoine dífhostaithe.
Scéim Shóisialta Tuaithe
An Scéim Shóisialta Tuaithe provides a supplementary income for farmers and fishermen or women that provide services that benefit rural communities, and are unable to earn an adequate living.
Tacaíochtaí chun Gnó a thosú
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair
An Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair (BTWEA) is available to help you to become self-employed or start your own new business if you are on certain social welfare payments.
Ceadaíonn an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair duit an chuid seo a leanas de d’íocaíocht reatha leasa shóisialaigh a choinneáil ar feadh 2 bhliain:
Ceadaíonn an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair duit an chuid seo a leanas de d’íocaíocht reatha leasa shóisialaigh a choinneáil ar feadh 2 bhliain:
- 100% don chéad bhliain
- 75% don dara bliain
Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach
An Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach (STEA) supports you if you have lost your job and want to start your own business.
Íoctar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach in ionad an tSochair Cuardaitheora Poist ar feadh 9 mí ar a mhéad. Críochnaíonn sé nuair a thagann deireadh le do theidlíocht ar Shochar Cuardaitheora Poist (is é sin, ag 6 nó 9 mhí).
Deontas Tacaíochta Fiontraíochta
Tugann an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta(DTF) tacaíocht airgeadais do dhaoine atá tar éis gnó nua a bhunú agus a bhfuil tacaíocht ioncaim á fáil acu faoi láthair faoin Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair (LFFO) nó Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach (LFG).
Cabhraíonn an deontas leis na costais a bhaineann le gnó nua a bhunú a íoc.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí chun gnó a thosú, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin:
