Maidir Linn
Ár bhfís agus misean
Ag JobsIreland, tá sé mar aidhm againn cabhrú le daoine poist a fháil agus cabhrú le fostóirí teagmháil a dhéanamh leis na daoine cearta.
Cad é JobsIreland.ie?
Cibé acu atá tú ag lorg do chéad phost eile nó an duine ceart le teacht isteach i d’fhoireann, is féidir le JobsIreland cabhrú leat. Is í JobsIreland.ie Seirbhís Phoiblí Fostaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí. Cuirimid seirbhís saor in aisce fógraíochta post ar fáil d’fhostóirí agus cuirimid ar chumas lucht cuardaigh fostaíochta poist a chuardach agus próifíl a chruthú chun a scileanna agus a dtaithí a mheaitseáil le poist atá ar fáil. Áirítear leis an tseirbhís seo líonra foirne a chuireann treoir shaineolach agus acmhainní ar fáil do lucht cuardaigh fostaíochta agus d’fhostóirí araon.
Cé atá in ann JobsIreland.ie a úsáid?
Nascann JobsIreland.ie daoine atá ag lorg oibre le fostóirí ionchasacha. Nascann sé duine ar bith atá ag lorg fostaíochta, nó atá ag smaoineamh ar phost nó treo gairme a athrú le fostóirí a bhfuil folúntais á bhfógairt acu agus atá ag fostú ar bhonn gníomhach.
Chun rochtain a fháil ar sheirbhís iomlán JobsIreland.ie agus tús a chur le do chuardach poist, beidh cuntas bunúsach MyGovID de dhíth ort chun logáil isteach ar JobsIreland.ie. Mura bhfuil cuntas agat cheana féin, is féidir leat ceann a chruthú ar gov.ie
Customer Support
Tá foireann Tacaíochta Custaiméirí JobsIreland.ie ar fáil ó Luan go hAoine, ó 9am go 5pm, má theastaíonn cabhair uait chun clárú le haghaidh sheirbhís JobsIreland.ie nó má theastaíonn comhairle uait maidir le tacaíochtaí eile atá ar fáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ar an bhfón ag 0818 111 112 nó trí ríomhphost jobsireland@welfare.ie
Is féidir leat JobsIreland a leanúint freisin ar Facebook, X, LinkedIn agus Instagram.
