Ráiteas Inrochtaineachta
Ráiteas Inrochtaineachta JobsIreland
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le hábhar atá foilsithe ar www.jobsireland.ie.
Tá JobsIreland tiomanta dá shuíomh Gréasáin JobsIreland.ie a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Shoghluaiste Chomhlachtaí Earnála Poiblí) 2020.
De bharr na feabhsuithe suntasacha agus na hathruithe feidhme a cuireadh i bhfeidhm mar chuid d’athfhorbairt ardán JobsIreland mí Dheireadh Fómhair 2026, tá gá le measúnú comhréireachta inrochtaineachta nua. Déanfar athbhreithniú i gcoinne chaighdeáin WCAG 2.1 AA chun inrochtaineacht an ardáin uasdátaithe a mheasúnú. Tar éis measúnú agus leasúchán aon saincheisteanna sainaitheanta a chur i gcrích, tabharfar Ráiteas Inrochtaineachta JobsIreland cothrom le dáta chun leibhéal comhlíontachta reatha an ardáin a léiriú go cruinn, chomh maith le haon lochtanna inrochtaineachta atá ar eolas.
Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo
Tugadh an ráiteas seo cothrom le dáta i mí Dheireadh Fómhair 2026.
An chaoi a ndearnamar measúnú JobsIreland.ie
Rinne an tÚdarás Náisiúnta Míchumais JobsIreland.ie a thástáil don uair dheireanach i Meán Fómhair 2023. Leis na torthaím, cuireadh céimeanna inghníomhaithe ar fáil dúinn chun inrochtaineacht ár suímh gréasáin a fheabhsú.
Stádas Comhréireachta
Leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), sainmhínítear na ceanglais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Sainmhíníonn sé trí leibhéal comhréireachta: Leibhéal A, Leibhéal AA, agus Leibhéal AAA. JobsIreland.ie Tá JobsIreland.ie comhréireach go páirteach le WCAG 2.1 Leibhéal AA. Ciallaítear le "comhréireach go páirteach" nach bhfuil roinnt codanna go hiomlán comhréireach leis an gcaighdeán inrochtaineachta.
Lochtanna inrochtaineachta JobsIreland.ie atá ar eolas:
- Codarsnacht Dathanna – ní chomhlíonann roinnt ábhair an cóimheas codarsnachta dathanna is gá chun a chinntiú go bhfuil sé inléite do gach úsáideoir.
- Méid an Téacs a Athrú – níl roinnt leathanaigh ghréasáin deartha chun ligean d’úsáideoirí an t-ábhar a mhéadú go 200%
- Nascleanúint Mhéarchláir – níl sí inrochtana ar chodanna áirithe den suíomh gréasáin.
- Fócastháscairí – d’fhéadfadh sé go bhfuil siad ar iarraidh nó nach bhfuil siad infheicthe, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do dhaoine a úsáideann méarchlár nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh.
- Téacs Malartach – d’fhéadfadh cuir síos téacs malartacha a bheith in easnamh ar íomhánna, lógónna, ticbhoscaí, cnaipí raidió agus ábhar neamhthéacs eile agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain ag daoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta orthu.
- PDFanna – d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain ag daoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta ar dhoiciméid atá le feiceáil ar Jobsireland.ie.
- Táblaí – d’fhéadfadh sé nach bhfuil ceannteidil acu atá sainithe i gceart nó d’fhéadfadh sé go mbeadh eilimintí foirme acu nach bhfuil lipéad gaolmhar ar bith orthu.
- Ceannteidil – níl struchtúir cheannteidil loighciúla ag roinnt leathanach.
- Ainm, Ról, Luach – níl róil chuí ag roinnt eilimintí ar féidir le léitheoirí scáileáin iad a léamh.
- Roghchlár Móibíleach – d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag roinnt úsáideoirí logáil isteach nó rochtain a fháil ar roghanna ar an roghchlár móibíleach Jobsireland.ie agus teicneolaíochtaí cúnta á n-úsáid acu.
Ní liosta uileghabhálach é sin thuas den ábhar neamh-inrochtana agus de na teorainneacha.
Conas a dhéanfaimid inrochtaineacht a fheabhsú agus a chinntiú ar JobsIreland.ie
- Tá Oifigigh Rochtana sannta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí do gach réimse, lena n-áirítear JobsIreland. Is féidir sonraí na nOifigeach Rochtana a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/39b2e5-access-officers-under-the-disability-act-2005/.
- Cuirfimid acmhainní cuí ar fáil chun ábhar nach gcomhlíonann caighdeán WCAG 2.1 Leibhéal AA a iniúchadh agus a shocrú de réir mar is gá.
- Beimid i mbun tástáil úsáideora chun a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais inrochtaineachta daoine.
- Déanfaimid measúnuithe inrochtaineachta rialta ar JobsIreland.ie.
- Déanfaimid oiliúint inrochtaineachta a chur ar fáil dár mbaill foirne.
Córas Oibriúcháin agus Comhoiriúnacht Brabhsálaí
Tá JobsIreland.ie comhoiriúnach leis na brabhsálaithe agus na córais oibriúcháin seo a leanas
- An leagan is déanaí de Chrome
- An leagan is déanaí de Edge
- An leagan is déanaí de Firefox
- An leagan is déanaí de Safari
- Windows 10 agus 11
- Leaganacha is déanaí de Android agus IOS
Níl JobsIreland.ie comhoiriúnach le Internet Explorer agus dá bhrí sin ní fheidhmeoidh sé go barrmhaith ag baint úsáide as an mbrabhsálaí sin.
Braitheann inrochtaineacht JobsIreland.ie ar na teicneolaíochtaí seo a leanas:
- HTML
- JavaScript
Aiseolas agus Faisnéis Teagmhála
Fáiltímid roimh d’aiseolas ar inrochtaineacht JobsIreland.ie. Má tá imní nó gearán ar bith agat faoi inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo, déan teagmháil linn ar ríomhphost ag jobsireland@welfare.ie.jobsireland@welfare.ie. Bíonn sé mar aidhm againn freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de sheacht lá oibre.
Gearáin Fhoirmiúla a Ghéarú
Mura bhfuil tú sásta le freagra JobsIreland, is féidir leat gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.
