Seirbhísí Intreo do Chuardaitheoirí Poist
Insíonn an leathanach seo duit faoin tseirbhís Intreo agus faoin gcaoi ar féidir léi cabhrú leat agus tú ag lorg oibre.
Intreo - Seirbhísí Fostaíochta Poiblí in Éirinn
In Éirinn, cuireann Intreo,pointe teagmhála aonair do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim, Seirbhísí Fostaíochta Poiblí ar fáil.
Chun cur chuige cuíchóirithe a chur ar fáil, cuireann Intreo seirbhísí agus tacaíochtaí praiticiúla saincheaptha fostaíochta ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí in Ionaid Intreo ar fud na hÉireann.
Cé dó a bhfuil Seirbhísí Intreo ann?
Tá seirbhísí fostaíochta ar fáil do dhaoine in aois fostaíochta atá ag iarraidh rochtain a fháil ar thacaíochtaí nó ar sheirbhís, lena n-áirítear na daoine seo a leanas:
- daoine a bhfuil íocaíochtaí cuardaitheora poist nó míchumais á bhfáil acu
- daoine a bhfuil íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh eile a bhfáil acu, lena n-áirítear cleithiúnaithe fásta
- daoine atá ag iarraidh post nó gairm bheatha a athrú
- daoine a bhfuil suim acu a bheith féinfhostaithe
- daoine atá ag obair go páirtaimseartha agus ag iarraidh a n-uaireanta a mhéadú
- daoine nach bhfuil aon íocaíocht á fáil acu ón roinn ach a bhfuil suim acu i dtaithí oibre, i gcúnamh maidir le post a lorg agus i bhfilleadh ar an ionad oibre tar éis asláithreachta
- daoine ar iarratasóir iad ar Chosaint Idirnáisiúnta le cead ón Roinn Dlí agus Cirt chun rochtain a fháil ar an margadh saothair
Seirbhísí Intreo do chuardaitheoirí poist
Is féidir le d’Intreo áitiúil oibriú leat go díreach chun
- tacaíocht a thabhairt duit chun ullmhú le haghaidh oibre agus obair a fháil
- tacaíochtaí agus seirbhísí a thairiscint duit a chabhróidh leat do ghairm a athrú, uasoiliúint nó athoiliúint a dhéanamh
- deiseanna oiriúnacha oiliúna a aithint
- tacaíochtaí a aithint más mian leat do ghnó féin a chur ar bun
- tú a nascadh le fostóirí atá ag iarraidh daoine a fhostú ar bhonn gníomhach
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Sheirbhísí Intreo, bain úsáid as an nasc seo: Intreo - seirbhís fostaíochta phoiblí na hÉireann
