Téarmaí agus Coinníollacha JobsIreland

Ginearálta

Tá úsáid an tsuímh seo faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo. Trí rochtain a fháil ar an suíomh seo, aontaíonn tú a bheith faoi cheangal ag na téarmaí agus na coinníollacha seo.

Chun Críocha Faisnéise Amháin

Cuirtear an suíomh seo ar fáil chun críocha faisnéise amháin. Níl sé i gceist go mbeadh an fhaisnéis atá ar leathanaigh an tsuímh seo, agus níor cheart í a thuiscint mar thairiscint, cuireadh, fógra, sirtheoireacht nó moladh, agus ní ionann í agus tairiscint, cuireadh, fógra, sirtheoireacht nó moladh ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS), nó thar ceann aon pháirtithe eile, chun aon táirge nó seirbhís a sholáthar nó a cheannach. Is de chineál ginearálta an fhaisnéis a chuirtear ar fáil agus ní bhaineann sí le cúinsí sonracha aon duine ar leith.

Ní léirmhíniú dlíthiúil ar aon ní é aon taifead ná aon ábhar ar an suíomh seo, agus níor cheart féachaint air mar léirmhíniú den sórt sin. Maidir le haon chomhairle ghairmiúil nó dhlíthiúil, ba cheart duit dul i gcomhairle le duine atá cáilithe go cuí.

Aontaíonn úsáideoir a chláraíonn mar chuardaitheoir poist ar JobsIreland a chuid faisnéise próifíle a roinnt le fostóirí a fhógraíonn folúntais ar an suíomh gréasáin, le foireann RCS agus le conraitheoir JobsIreland de chuid an RCS. Is féidir le cuardaitheoirí poist a roghnú go ndéanfar a bpróifíl a mheaitseáil le folúntais a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin JobsIreland. Má roghnaíonn cuardaitheoir poist meaitseáil, tugann sé cead d’fhostóirí a phróifíl a fheiceáil i gcás ina bhfuil a phróifíl meaitseáilte le folúntais na bhfostóirí. Féadfaidh cuardaitheoirí poist a roghnú a gcéadainm, a sloinne, a seoladh poist, a seoladh ríomhphoist agus a n-uimhir theileafóin a choinneáil príobháideach ó úsáideoirí eile trí an rogha “Ná taispeáin mo chuid faisnéise teagmhála” a roghnú ar a bpróifíl.

Féadfaidh cuardaitheoirí poist a CV/próifíl JobsIreland a roinnt ar Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile (EURES) tar éis dóibh glacadh leis na Téarmaí agus Coinníollacha agus leis an Ráiteas um Chosaint Sonraí do chuardaitheoirí poist a thoilíonn a CVanna/próifílí a tharchur chuig Tairseach EURES.

Fógraíonn fostóirí a bhfolúntais agus féadfaidh siad a roghnú go ndéanfar iad a mheaitseáil le cuardaitheoirí poist cláraithe a roghnaigh a bpróifíl a roinnt le fostóirí a bhfuil meaitseáil déanta leo agus a chomhlíonann riachtanais an fholúntais.

Ní mór do ghníomhaireachtaí fostaíochta, d’eagraíochtaí agus do ghníomhairí a bhíonn i mbun daoine a lorg, ar son daoine eile, a thabharfaidh nó a ghlacfaidh le fostaíocht, bíodh luach saothair i gceist nó ná bíodh, lena n-áirítear daoine a fháil nó a sholáthar ar luaíocht a ghlacfaidh le fostaíocht ó dhaoine eile nó a sholáthróidh seirbhísí do dhaoine eile, agus a úsáideann an suíomh gréasáin seo, ceadúnas a bheith acu faoin Acht um Ghníomhaireachtaí Fostaíochta, 1971. Ní mór dóibh údarú a fháil ón bhfostóir chun folúntais a phostáil agus ní mór cruthúnas ar an údarú sin a sholáthar do JobsIreland arna iarraidh sin.

Aontaíonn fostóirí a bpróifílí a roinnt le foireann an RCS agus lena chonraitheoir JobsIreland. Roinnfear folúntais a chuirtear ar sheirbhís JobsIreland.ie le EURES, Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile. Má tá tuilleadh eolais ar EURES uait, cliceáil anseo:

https://eures.europa.eu/employers_en

Féadfar folúntais a chuirtear ar sheirbhís JobsIreland.ie a roinnt leis an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta chun críocha Tástáil Riachtanas Margaidh Saothair.

Is féidir le fostóirí suíomh gréasáin JobsIreland.ie a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le cuardaitheoirí poist a mheaitseáiltear le folúntais nó a dhéanann iarratas ar fholúntais go díreach tríd an suíomh. Nuair a chuirtear próifílí agus iarratais faoi bhráid fostóra, beidh feidhm ag beartas príobháideachais an fhostóra áirithe sin. Tá beartais phríobháideachais na bhfostóirí aonair ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis na fostóirí sin. Nuair a théann cuardaitheoir(í) poist agus fostóir(í) i mbun an phróisis earcaíochta agus roghnúcháin, is ar na páirtithe sin atá an fhreagracht as na freagrachtaí agus na comhaontuithe go léir a eascraíonn as an bpróiseas Earcaíochta agus Roghnúcháin. Mar choinníoll úsáide, iarrtar ar fhostóirí JobsIreland a chur ar an eolas nuair a bhíonn a bpoist líonta. Ba cheart d’fhostóirí iarratasóirí nár éirigh leo a chur ar an eolas faoi thoradh a n-iarratais.

Féadfaidh an RCS JobsIreland a úsáid chun faisnéis agus comhairle maidir le feachtais earcaíochta a sheoladh trí ríomhphost chuig fostóirí agus cuardaitheoirí poist.

Ní dhéanann an RCS ionadaíocht ná ní thugann sé ráthaíocht go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin seo cruinn, cothrom le dáta agus iomlán. Féadfaidh daoine neamhúdaraithe cur isteach ar shuíomhanna gréasáin agus, dá bhrí sin, níor cheart do bhrabhsálaithe féachaint ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ach mar fhaisnéis tháscach. Má thugann tú aon earráidí nó easnaimh faoi deara, cuir in iúl dúinn iad trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag jobsireland@welfare.ie.

Ní ghlacann an RCS, an Stát ná a gcuid fostaithe, conraitheoirí agus gníomhairí aon fhreagracht ná dliteanas, agus ní thugann siad aon ráthaíochtaí, gealltanais, uiríll ná barántaí maidir le hiontaofacht, cruinneas, iomláine ná nádúr cothrom le dáta aon fhaisnéise a chuirtear ar fáil ar leathanaigh an tsuímh ghréasáin seo faoi láthair nó tráth ar bith amach anseo, agus ní ghlacann siad le haon dliteanas ar bith a eascraíonn as aon earráidí nó easnaimh. Ar mhaithe le hamhras a sheachaint, eisiatar leis seo go sainráite, a mhéid is féidir faoin dlí is infheidhme, gach uiríoll, ráthaíocht, baránta, téarma agus coinníoll sainráite nó intuigthe a d’fhéadfadh eascairt faoi reacht, nós, úsáid, i gcothromas, i dtort, faoin dlí coiteann nó ar shlí eile. Sula ngníomhóidh siad ar aon chuid den fhaisnéis ar na leathanaigh seo, ba cheart do bhrabhsálaithe dul i gcomhairle lena gcomhairleoirí gairmiúla féin.

Forchoimeádann an RCS an ceart an fhaisnéis a chuirtear ar fáil anseo a athbhreithniú, a leasú, a athrú nó a scriosadh tráth ar bith gan fógra a thabhairt d’úsáideoirí agus ní bheidh sé freagrach ná faoi dhliteanas i leith aon athbhreithnithe, leasuithe, athruithe nó scriosta den sórt sin. Is ar an úsáideoir amháin a bheidh an fhreagracht as aon chaillteanas a eascraíonn as úsáid na faisnéise atá ar an suíomh gréasáin seo.

Brabhsáil ar do Phriacal Féin

Tabhair faoi deara go ndéanann tú rochtain ar an suíomh gréasáin seo agus go n-úsáideann tú é ar do phriacal féin. Tá naisc ar an suíomh chuig suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag an RCS orthu agus nach nglacann an RCS aon fhreagracht as a n-ábhar. Cuirtear nasc ar bith ón suíomh gréasáin seo le suíomhanna gréasáin seachtracha ar bith ar fáil mar áis amháin, agus níor chóir talamh slán a dhéanamh de gur formhuiniú é seo ar ábhair nó cleachtais na suíomhanna gréasáin seachtracha sin.

A mhéid is iomláine a cheadaítear faoin dlí is infheidhme, ní ghlacann an RCS, an Stát, ná a gcuid fostaithe, conraitheoirí agus gníomhairí, ná aon pháirtithe eile, le dliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste de chineál ar bith, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, chaillteanais nó dhamáistí dhíreacha, indíreacha, eacnamaíocha, theagmhasacha, speisialta, phionósacha nó iarmhartacha, ná i leith aon chostas a eascraíonn as úsáid an tsuímh seo ná as an neamhábaltacht é a úsáid, nó a bhaineann le haon earráid, easnamh, locht, víreas ríomhaire nó teip córais, nó i leith aon chaillteanas brabúis, dea-thola nó clú a eascraíonn as rochtain ar an suíomh seo, as é a úsáid, as a fheidhmíocht, as brabhsáil air nó as nascadh ón suíomh seo le suíomhanna eile, nó a bhaineann leo.

Tá ríomhphost agus modhanna eile chun faisnéis a tharchur ar an Idirlíon faoi réir cur isteach nó grinnscrúdú ag tríú páirtithe agus ba cheart iad a fhíorú go neamhspleách. Ní féidir leis an RCS, ná leis an Stát ná lena gcuid fostaithe, conraitheoirí agus gníomhairí, slándáil agus príobháideachas na cumarsáide sin a chinntiú, agus is ar an bpáirtí a sholáthraíonn an fhaisnéis go hiomlán atá an riosca a bhaineann le cumarsáid den sórt sin a tharchur. Is ar phriacal an úsáideora féin go hiomlán atá úsáid an tsuímh ghréasáin, agus glacann an t-úsáideoir leis an bhfreagracht agus leis an riosca iomlán as aon chaillteanas a eascraíonn as úsáid an tsuímh ghréasáin agus/nó as rochtain air nó ar a ábhar.

Slánaíocht an Úsáideora

An RCS, an Stát agus a gcuid tionscnóirí, conraitheoirí, seirbhísigh, fostaithe, comhairleoirí nó gníomhairí a shlánú i gcoinne aon chaillteanais dhírigh nó indírigh de chineál ar bith (lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, chaillteanas iarmhartach, chaillteanas eacnamaíoch, caillteanas teagmhasach, speisialta nó pionósach, caillteanas brabúis, caillteanas gnó, caillteanas conarthaí, caillteanas ioncaim, caillteanas coigilteas a raibh coinne leo, caillteanas dea-thola nó caillteanas clú), dliteanais, éilimh, damáistí, socraíochtaí, dámhachtainí, costais, caiteachais agus imeachtaí a thabhaíonn an RCS, an Stát nó a gcuid tionscnóirí, seirbhísigh, fostaithe agus/nó gníomhairí mar thoradh ar úsáid nó mí-úsáid an tsuímh seo ag an úsáideoir, nó ar úsáid nó mí-úsáid na faisnéise nó na n-acmhainní atá ar an suíomh seo nó atá inrochtana tríd, nó mar thoradh ar shárú ar chearta maoine intleachtúla, agus/nó de bharr aon sárú ar na téarmaí agus na coinníollacha úsáide seo, agus/nó de bharr gnímh, earráide, easnaimh, mainneachtana nó faillí an úsáideora nó aon tríú páirtí a fhaigheann rochtain ar an suíomh seo trí nasc an úsáideora nó ar shlí ar bith eile.

Maoin Intleachtúil

Tá an fhaisnéis, an t-ábhar, na hábhair, na grafaicí, an téacs, na híomhánna, na dearaí, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna atá ar an suíomh seo faoi chosaint trádmharcanna, cóipchirt, chearta bunachar sonraí, chearta sui generis agus dlíthe eile maoine intleachtúla faoin dlí náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta, agus ní thugann úsáid an tsuímh seo aon leas don úsáideoir sna cearta sin.

Úsáid Ábhair

Ní féidir faisnéis ón suíomh gréasáin seo a úsáid ach i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 (“na hAchtanna”), le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus le hIonstraim Reachtúil Uimh. 336 de 2011, na Comhphobail Eorpacha (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí)(Príobháideachas agus Cumarsáidí Leictreonacha) Rialacháin 2011 (“IR 336/2011”).

Más mian leat an t-ábhar a athfhoilsiú nó a atáirgeadh ar chúis ar bith eile, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an RCS chun cead a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig jobsireland@welfare.ie

Tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar JobsIreland.ie ceaptha lena húsáid ag cuardaitheoirí poist amháin atá ag lorg fostaíocht oiriúnach, agus ag fostóirí atá ag iarraidh deiseanna fostaíochta atá ar fáil a fhógairt; agus ag an RCS chun cabhrú leis an dá thaobh ina leith sin. Is é an RCS a bhainistíonn an fhaisnéis seo. Baintear folúntais atá imithe in éag go pras agus ar bhealach tráthúil.

Ba cheart do thríú páirtithe a dhéanann dúbláil ar an bhfaisnéis seo a bheith ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis seo dinimiciúil agus faoi réir athraithe tapa. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach do thríú páirtithe an fhaisnéis sin a athbhreithniú agus folúntais atá imithe in éag a bhaint dá suíomhanna gréasáin seachtracha gach lá.

Ní ghlacann an RCS le haon dliteanas as sonraí a dhúbláiltear go neamhúdaraithe ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtithe.

Tarscaoileadh

Ní bheidh aon tarscaoileadh ná aon mhainneachtain gníomhú i ndáil le haon sárú ar na téarmaí agus coinníollacha seo agatsa nó ag aon úsáideoir eile ina tharscaoileadh ginearálta ar an téarma nó ar an gcoinníoll sin, ná ar aon ghníomh ina dhiaidh sin atá contrártha dó, agus ní dhéanfaidh sé difear ar bhealach ar bith dár gceart gníomhú i ndáil leis an sárú sin nó le haon sárú eile.

Inscoiteacht

Má chinneann Cúirt a bhfuil dlínse inniúil aici nó údarás inniúil eile go bhfuil aon chuid de na téarmaí agus coinníollacha seo neamhbhailí, neamhdhleathach nó neamh-infheidhmithe, déanfar an chuid sin a scaradh ón gcuid eile de na téarmaí agus coinníollacha, agus leanfaidh an chuid eile de bheith bailí agus infheidhmithe a mhéid is mó a cheadaítear faoin dlí.

Cosaint Sonraí

Comhlíonfaidh an RCS a hoibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus faoi Rialachán (AE) 2016/679 (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí). Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun Ráiteas Príobháideachais an RCS a fheiceáil:

https://www.gov.ie/en/organisation-information/534503-privacy-statement

Tá feidhm ag Dlí na hÉireann

Ní mór d’fhostóirí a úsáideann an suíomh gréasáin seo chun folúntais a fhógairt a bheith ar an eolas go hiomlán faoi dhlíthe fostaíochta na tíre seo agus iad a chomhlíonadh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta don, Acht um Pá Íosta Náisiúnta, an tAcht um Eagrú Ama Oibre agus an tAcht um Chomhionannas.

Soláthraítear an suíomh gréasáin seo de réir dhlí na hÉireann agus tá sé faoi rialú dhlí na hÉireann. Trí rochtain a fháil ar aon chuid den fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an suíomh seo nó trí amharc uirthi, glacann tú leis go bhfuil dlí na hÉireann infheidhme maidir leis an suíomh seo agus go bhfuil dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann maidir le haon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil leis an suíomh seo. Mura roghnaíonn tú glacadh le hinfheidhmeacht dhlí na hÉireann agus le dlínse eisiach chúirteanna na hÉireann, fág an suíomh seo anois.