Ceisteanna Coitianta Cuardaitheora Poist

Chun cuntas cuardaitheora poist a chruthú ar JobsIreland, cliceáil ar Logáil Isteach. Ón áit seo ansin, beidh tú in ann Logáil Isteach nó Clárú le MyGovID. Déanfar thú a atreorú chuig MyGovID, seirbhís aitheantais shlán an Rialtais.

Más rud é go bhfuil cuntas MyGovID Leibhéal 2 SAFE fíoraithe agat cheana féin, sínigh isteach. Mura bhfuil, lean na leideanna chun cuntas MyGovID a chruthú agus comhlánaigh an próiseas cláraithe. Le haghaidh faisnéis mionsonraithe maidir le clárú SAFE, lean an naisc seo: Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP)

Nuair a bheidh tú sínithe isteach go rathúil trí MyGovID, is féidir leat sonraí a chur isteach amhail do thaithí oibre, do cháilíochtaí, do scileanna, agus do roghanna poist chun do phróifíl JobsIreland a chomhlánú.

Le haghaidh tuilleadh cúnaimh maidir leis an gclárú nó le rochtain a fháil ar do chuntas, déan teagmháil le foireann tacaíochta JobsIreland ar jobsireland@welfare.ie jobsireland@welfare.ie

Agus tú cláraithe ar JobsIreland.ie, is féidir leat:

  • iarratais a dhéanamh ar phoist agus súil a choinneáil ar d’iarratais phoist.
  • fógraí ríomhphoist a fháil bunaithe ar do roghanna poist.
  • CV a chur le chéile ag baint úsáide as d’fhaisnéis phróifíle.
  • teachtaireachtaí a fháil agus a fhreagairt ó fhostóirí leasmhara.

Tá roinnt bealaí ann chun post a chuardach:

  • Téigh chuig an leathanach Cuardaigh Poist agus úsáid na roghanna cuardaigh agus scagtha ag barr an leathanaigh.
  • Cuir isteach an ghairm atá á lorg agat sa bhosca cuardaigh.
  • Má tá fostóir ar leith ar intinn agat, cuir isteach ainm an fhostóra mar eochairfhocal chun a bhfolúntais a aimsiú.
  • Má tá poist á lorg agat i láthair ar leith, cuir isteach ainm na cathrach sa bhosca cuardaigh.
  • Bain úsáid as na scagairí faoin gcnaipe Tuilleadh Roghanna chun do chuardach a bheachtú a thuilleadh.

Chun iarratas a dhéanamh ar phost:

  • Logáil isteach i do chuntas JobsIreland. Déan cinnte go bhfuil do phróifíl Chuardaitheora Poist suas chun dáta agus go bhfuil na réimsí riachtanacha comhlánaithe.
  • Cliceáil ar Cuir Isteach ar an bpost a bhfuil suim agat ann. Ansin, feicfidh tú tuilleadh treoracha maidir le conas leanúint ar aghaidh le d’iarratas.

• Le haghaidh scéimeanna RCS amhail Fostaíocht Phobail, déan Cláraigh do Spéis a chliceáil nó déan teagmháil le d’Oifig Intreo áitiúil.

Is féidir. Is féidir leat breathnú ar na poist a ndearna tú iarratas orthu ar an leathanach Mo Chuid Iarratas. Ní léireofar ach na hiarratais a comhlánaíodh agus a cuireadh isteach go díreach trí JobsIreland. Ní léireofar aon iarratas a rinneadh lasmuigh de JobsIreland ar an leathanach sin.

Úsáideann meaitseáil poist an fhaisnéis atá ar do phróifíl chuardaitheora poist chun thú a mheaitseáil le poist a fhógraítear ar JobsIreland.ie.

Chun do mheaitseálacha poist a fheabhsú, déan cinnte go bhfuil do phróifíl Chuardaitheora Poist comhlánaithe.

Léireofar poist a mheaitseálann do phróifíl ar an leathanach Meaitseáil Post. Do gach post, is féidir leat na nithe seo a leanas a fheiceáil:

  • Do scór meaitseála foriomlán.
  • Conas a oireann an post do d’ionchais.
  • Cé chomh maith agus a oireann do phróifíl do riachtanais an phoist.
  • Tuilleadh sonraí faoi Conas a Mheaitseálann Tú, a léiríonn na réimsí ina mheaitseálann do phróifíl agus an post.

Má mheaitseáiltear do phróifíl le folúntas, beidh an fhostóir a d’fhógair an post in ann do chuid faisnéise próifíle a fheiceáil chomh maith.

Is féidir. Is féidir bainistiú a dhéanamh ar cé mhéad de do chuid faisnéise próifíle a roinntear le fostóirí faoi Phríobháideacht agus Infheictheacht ar do phróifíl.

Tá trí rogha ann:

  • Infheicthe – Is féidir le fostóirí do phróifíl iomlán a fheiceáil nuair a mheaitseálann tú lena bhfolúntas.
  • Infheictheacht Theoranta – Is féidir le fostóirí do phróifíl a fheiceáil, ach déantar faisnéis phearsanta agus inaitheanta a fholú. Áirítear leis sin d’ainm, do shonraí teagmhála, agus eolas amhail ainmneacha na bhfostóirí i do stair fostaíochta.
  • Príobháideach – Ní léireofar do phróifíl d’fhostóirí, fiú sa chás go meaitseáiltear thú le folúntas.

Gheobhaidh. Nuair a mheaitseáiltear poist nua le do phróifíl, gheobhaidh tú fógra ríomhphoist chun é sin a chur in iúl duit.

Is féidir leat na ríomhphoist sin a bhainistiú faoi Shocruithe Fógraí agus iad a chasadh as ag am ar bith.

Déan cinnte go bhfuil do CV i gceann de na formáidí comhaid inghlactha. Is féidir leat comhad Word nó PDF suas le 5 MB a uaslódáil.

Is féidir leat eolas a aimsiú faoi thacaíochtaí fostaíochta, oiliúint, agus seirbhísí Intreo i rannáin Seirbhísí Intreo do Chuardaitheoirí Poist, Tacaíochtaí Oideachais agus Oiliúna agus Tuilleadh Acmhainní den roghchlár Cuardaitheora Poist.

Is féidir leat cabhair a fháil le húsáid a bhaint as JobsIreland.ie ar bhealaí éagsúla.

  • Cuir ríomhphost chuig ár bhfoireann tacaíochta ag  jobsireland@welfare.ie.
  • Cuir glaoch ar ár lárionad tacaíochta ó 9am go 5pm, Luan go hAoine ar 0818 111 112.