Fáilte chuig JobsIreland

Tá cuma nua ar JobsIreland

Tá áthas ar an Roinn Coimirce Sóisialaí a fhógairt go bhfuil an t-ardán nuashonraithe JobsIreland á sheoladh.  

Soláthraíonn an t-ardán nuashonraithe eispéireas nua-aimseartha feabhsaithe ar líne do lucht cuardaigh fostaíochta agus d’fhostóirí ar fud na hÉireann.  

Forbraíodh ardán JobsIreland chun é a dhéanamh níos éasca d’úsáideoirí teacht i dteagmháil le deiseanna fostaíochta agus le seirbhísí earcaíochta trí sheirbhís dhigiteach fheabhsaithe atá níos iomasach agus níos éasca le húsáid. Tugann an suíomh uasghrádaithe dearadh úrnua isteach, cumais chuardaigh fheabhsaithe agus eispéireas úsáideora níos sruthlínithe.  

Do lucht cuardaigh fostaíochta, cuireann an t-ardán nua bealach níos simplí ar fáil chun folúntais a chuardach agus iarratas a dhéanamh orthu, foláirimh phoist a bhainistiú, agus rochtain a fháil ar sheirbhísí fostaíochta.  

Bainfidh fostóirí tairbhe as feidhmiúlacht fheabhsaithe chun folúntais a fhoilsiú, iarratais a bhainistiú, agus teagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí ionchasacha. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann JobsIreland ag: jobsireland@welfare.ie