Ceisteanna Coitianta Cuardaitheora Poist
01 Conas ar féidir liom cuntas Cuardaitheora Poist JobsIreland a chruthú?
Chun cuntas cuardaitheora poist a chruthú ar JobsIreland, cliceáil ar Logáil Isteach. Ón áit seo ansin, beidh tú in ann Logáil Isteach nó Clárú le MyGovID. Déanfar thú a atreorú chuig MyGovID, seirbhís aitheantais shlán an Rialtais.
Más rud é go bhfuil cuntas MyGovID Leibhéal 2 SAFE fíoraithe agat cheana féin, sínigh isteach. Mura bhfuil, lean na leideanna chun cuntas MyGovID a chruthú agus comhlánaigh an próiseas cláraithe. Le haghaidh faisnéis mionsonraithe maidir le clárú SAFE, lean an naisc seo: Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP)
Nuair a bheidh tú sínithe isteach go rathúil trí MyGovID, is féidir leat sonraí a chur isteach amhail do thaithí oibre, do cháilíochtaí, do scileanna, agus do roghanna poist chun do phróifíl JobsIreland a chomhlánú.
Le haghaidh tuilleadh cúnaimh maidir leis an gclárú nó le rochtain a fháil ar do chuntas, déan teagmháil le foireann tacaíochta JobsIreland ar jobsireland@welfare.ie jobsireland@welfare.ie
02 Cad iad na buntáistí a bhaineann le clárú mar chuardaitheoir poist ar JobsIreland.ie?
Agus tú cláraithe ar JobsIreland.ie, is féidir leat:
- iarratais a dhéanamh ar phoist agus súil a choinneáil ar d’iarratais phoist.
- fógraí ríomhphoist a fháil bunaithe ar do roghanna poist.
- CV a chur le chéile ag baint úsáide as d’fhaisnéis phróifíle.
- teachtaireachtaí a fháil agus a fhreagairt ó fhostóirí leasmhara.
03 Conas ar féidir liom post a chuardach ar JobsIreland.ie?
Tá roinnt bealaí ann chun post a chuardach:
- Téigh chuig an leathanach Cuardaigh Poist agus úsáid na roghanna cuardaigh agus scagtha ag barr an leathanaigh.
- Cuir isteach an ghairm atá á lorg agat sa bhosca cuardaigh.
- Má tá fostóir ar leith ar intinn agat, cuir isteach ainm an fhostóra mar eochairfhocal chun a bhfolúntais a aimsiú.
- Má tá poist á lorg agat i láthair ar leith, cuir isteach ainm na cathrach sa bhosca cuardaigh.
- Bain úsáid as na scagairí faoin gcnaipe Tuilleadh Roghanna chun do chuardach a bheachtú a thuilleadh.
04 Conas ar féidir liom cur isteach ar phost a fheicim ar JobsIreland.ie?
Chun iarratas a dhéanamh ar phost:
- Logáil isteach i do chuntas JobsIreland. Déan cinnte go bhfuil do phróifíl Chuardaitheora Poist suas chun dáta agus go bhfuil na réimsí riachtanacha comhlánaithe.
- Cliceáil ar Cuir Isteach ar an bpost a bhfuil suim agat ann. Ansin, feicfidh tú tuilleadh treoracha maidir le conas leanúint ar aghaidh le d’iarratas.
• Le haghaidh scéimeanna RCS amhail Fostaíocht Phobail, déan Cláraigh do Spéis a chliceáil nó déan teagmháil le d’Oifig Intreo áitiúil.
05 An féidir liom na poist a ndearna mé iarratas orthu a fheiceáil?
Is féidir. Is féidir leat breathnú ar na poist a ndearna tú iarratas orthu ar an leathanach Mo Chuid Iarratas. Ní léireofar ach na hiarratais a comhlánaíodh agus a cuireadh isteach go díreach trí JobsIreland. Ní léireofar aon iarratas a rinneadh lasmuigh de JobsIreland ar an leathanach sin.
06 Cad is meaitseáil poist ann?
Úsáideann meaitseáil poist an fhaisnéis atá ar do phróifíl chuardaitheora poist chun thú a mheaitseáil le poist a fhógraítear ar JobsIreland.ie.
Chun do mheaitseálacha poist a fheabhsú, déan cinnte go bhfuil do phróifíl Chuardaitheora Poist comhlánaithe.
Léireofar poist a mheaitseálann do phróifíl ar an leathanach Meaitseáil Post. Do gach post, is féidir leat na nithe seo a leanas a fheiceáil:
- Do scór meaitseála foriomlán.
- Conas a oireann an post do d’ionchais.
- Cé chomh maith agus a oireann do phróifíl do riachtanais an phoist.
- Tuilleadh sonraí faoi Conas a Mheaitseálann Tú, a léiríonn na réimsí ina mheaitseálann do phróifíl agus an post.
Má mheaitseáiltear do phróifíl le folúntas, beidh an fhostóir a d’fhógair an post in ann do chuid faisnéise próifíle a fheiceáil chomh maith.
07 An féidir liom an mheaitseáil a úsáid ach gan m’ainm agus mo shonraí teagmhála a léiriú?
Is féidir. Is féidir bainistiú a dhéanamh ar cé mhéad de do chuid faisnéise próifíle a roinntear le fostóirí faoi Phríobháideacht agus Infheictheacht ar do phróifíl.
Tá trí rogha ann:
- Infheicthe – Is féidir le fostóirí do phróifíl iomlán a fheiceáil nuair a mheaitseálann tú lena bhfolúntas.
- Infheictheacht Theoranta – Is féidir le fostóirí do phróifíl a fheiceáil, ach déantar faisnéis phearsanta agus inaitheanta a fholú. Áirítear leis sin d’ainm, do shonraí teagmhála, agus eolas amhail ainmneacha na bhfostóirí i do stair fostaíochta.
- Príobháideach – Ní léireofar do phróifíl d’fhostóirí, fiú sa chás go meaitseáiltear thú le folúntas.
08 An bhfaighidh mé fógraí faoi phoist oiriúnacha ó JobsIreland.ie?
Gheobhaidh. Nuair a mheaitseáiltear poist nua le do phróifíl, gheobhaidh tú fógra ríomhphoist chun é sin a chur in iúl duit.
Is féidir leat na ríomhphoist sin a bhainistiú faoi Shocruithe Fógraí agus iad a chasadh as ag am ar bith.
09 Cén fáth nach féidir liom mo CV a uaslódáil chuig mo phróifíl?
Déan cinnte go bhfuil do CV i gceann de na formáidí comhaid inghlactha. Is féidir leat comhad Word nó PDF suas le 5 MB a uaslódáil.
10 Cá háit ar féidir liom eolas a fháil faoi thacaíochtaí fostaíochta, oiliúint, agus seirbhísí Intreo?
Is féidir leat eolas a aimsiú faoi thacaíochtaí fostaíochta, oiliúint, agus seirbhísí Intreo i rannáin Seirbhísí Intreo do Chuardaitheoirí Poist, Tacaíochtaí Oideachais agus Oiliúna agus Tuilleadh Acmhainní den roghchlár Cuardaitheora Poist.
11 Cá háit ar féidir liom tuilleadh cabhrach a fháil le clárú nó leis an suíomh gréasáin a úsáid?
Is féidir leat cabhair a fháil le húsáid a bhaint as JobsIreland.ie ar bhealaí éagsúla.
- Cuir ríomhphost chuig ár bhfoireann tacaíochta ag jobsireland@welfare.ie.
- Cuir glaoch ar ár lárionad tacaíochta ó 9am go 5pm, Luan go hAoine ar 0818 111 112.
