Intreo d’Fhostóirí

 

This page tells you about Intreo services for Employers.

Intreo d’Fhostóirí

Is pointe teagmhála aonair é Intreo le haghaidh gach tacaíochta fostaíochta agus ioncaim agus is cuid den Roinn Coimirce Sóisialaí é. Cuireann sé seirbhísí agus tacaíochtaí fostaíochta ar fáil d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist.

Is féidir leat IOifigigh um Chaidreamh le Fostóirí Intreo a aimsiú ar fud na hÉireann chun cabhrú leat ag gach céim den phróiseas earcaíochta. Soláthraíonn Oifigigh um Chaidreamh le Fostóirí tacaíocht earcaíochta atá curtha in oiriúint do do ghnó.

Cabhraíonn Oifigigh um Chaidreamh le Fostóirí leat trí gach céim den phróiseas earcaíochta, lena n-áirítear:

  • fógraíocht a dhéanamh ar d’fholúntais saor in aisce
  • tú a mheaitseáil le hiarrthóirí
  • agallaimh a sceidealú agus áiseanna agallaimh a sholáthar nuair is gá
  • imeachtaí earcaíochta náisiúnta agus áitiúla a eagrú

Le haghaidh fiosruithe tosaigh ó fhostóirí, seol ríomhphost chuig employer@welfare.ie

Díreofar d’fhiosrúchán ansin chuig na Foirne Réigiúnacha i do cheantar le haghaidh beart leantach.

 

Seirbhís EmployAbility

Is seirbhís tacaíochta fostaíochta ar fud na tíre í EmployAbility do dhaoine a bhfuil riocht sláinte, gortú, tinneas nó míchumas orthu. Mar fhostóir, is féidir leat rochtain a fháil ar thacaíocht earcaíochta, treoir san ionad oibre, agus tacaíocht leanúnach chun cabhrú leat fostaithe a earcú agus a choinneáil.

Má tá tuilleadh eolais uait:

Téigh chuig: www.gov.ie/employability

Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (EURES)

Is líonra seirbhísí fostaíochta é EURES a chlúdaíonn gach tír san Aontas Eorpach chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. Is féidir le fostóirí a mbíonn deacracht acu baill foirne a earcú in Éirinn nó ar mian leo a mbonn scileanna a leathnú rochtain a fháil ar chuardaitheoirí poist i dtíortha eile den AE agus den LEE le cabhair ó EURES.

Is baill foirne de chuid na Roinne iad comhairleoirí EURES a dhéanann sainfheidhmiú ar chúrsaí earcaíochta agus soghluaisteachta san Eoraip. Tá siad ar fáil chun cabhrú le fostóirí trí shainchomhairle a chur ar fáil maidir le hearcú san Eoraip do phoist speisialaithe nó do phoist ar deacair iad a líonadh.

Comhairleoirí EURES:

  • cuireann siad comhairle shaineolach saor in aisce ar fáil maidir le hearcaíocht san Eoraip;
  • fógraíonn siad agus cuireann siad folúntais chun cinn san Eoraip;
  • cuireann siad rochtain ar fáil do chuardaitheoirí poist i dtíortha eile san Aontas Eorpach agus san LEE;
  • cuireann siad comhairle ar fáil maidir leis na tacaíochtaí airgeadais atá ar fáil faoin Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES (TMS)

Má tá tuilleadh eolais uait: EURES for Employers