Tacaíochtaí Oibre do Dhaoine faoi Mhíchumas
Tugann an leathanach seo eolas duit faoi na tacaíochtaí fostaíochta atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.
Faigh tacaíochtaí oibre má tá tú faoi mhíchumas
Má tá tú faoi mhíchumas agus más mian leat tús a chur le fostaíocht, filleadh ar obair, nó leanúint ar aghaidh le do chuid oibre, tá réimse tacaíochtaí ar fáil duit.
Meastóir Sochair Oibre
Is féidir leat an Meastóir Sochar Oibre a úsáid má tá íocaíochtaí míchumais nó íocaíochtaí breoiteachta á bhfáil agat. Léiríonn sé seo an chaoi a bhféadfadh ioncam ó fhostaíocht dul i bhfeidhm ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh. Faigh rochtain ar an tseirbhís anseo
Faigh rochtain ar an tseirbhís anseo
Tacaíocht chun post a aimsiú
Infhostaitheacht
Cuireann comhlachtaí atá ag obair thar ceann Intreo na Seirbhísí Infhostaitheachta ar fáil. Cuireann siad sainseirbhís fostaíochta ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas. Is féidir le do Chomhairleoir Pearsanta Fostaíochta Intreo tú a atreorú go dtí an tseirbhís má tá an bheirt agaibh ar aon fhocal go mbainfeá tairbhe as na tacaíochtaí a chuireann na cuideachtaí seo ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht cóitseála poist agus tacaíocht do dhaoine atá fostaithe. Cuireann Seirbhísí infhostaitheachta seirbhís earcaíochta agus seirbhís mheaitseála poist ar fáil chomh maith d’fhostóirí.
Déan teagmháil le d’Ionad Intreo nó d’Oifig Brainse áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí.
Comhairleoir Pearsanta Ainmnithe d’Fhostaíocht Mhíchumais
Is é atá i gceist leis an gComhairleoir Pearsanta Ainmnithe d’Fhostaíocht Mhíchumais ná pointe teagmhála áitiúil do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag dul i dteagmháil le seirbhísí fostaíochta Intreo.
Liosta de na Comhairleoirí Pearsanta Fostaíochta Ainmnithe do Dhaoine faoi Mhíchumas de réir contae
Ag tosú nó ag filleadh ar an obair
Má tá míchumas ort agus má tá tú ag tosú ag obair nó ag filleadh ar an bhfostaíocht, d’fhéadfadh go mbeifeá in ann d’íocaíochtaí reatha go léir nó cuid díobh a choinneáil.
Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall
Má tá tú ag fáil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall, is féidir leat d’íocaíocht iomlán a choinneáil agus tú ag tuilleamh suas le €165 sa tseachtain ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht.
Má shaothraíonn tú os cionn €165 sa tseachtain ó obair, ní thógfar san áireamh leath den mhéid a thuilleann tú idir €165 agus €375 sa tástáil ó thaobh acmhainne don Liúntas Míchumais nó do Phinsean na nDall.
Meastar aon tuilleamh ón obair os cionn €375 sa tseachtain mar ioncam ar bhonn euro (€1) ar euro (€1), is é sin, laghdófar do Liúntas Míchumais nó do Phinsean na nDall faoi €1 in aghaidh gach €1 a thuilleann tú ó fhostaíocht os cionn €375 sa tseachtain.
Sochar Cumais Pháirtigh
Má tá tú ag fáil Pinsean Easláine nó má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat le sé mhí nó níos mó, agus más mian leat dul i mbun oibre, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Sochar Cumais Pháirtigh. Faoin scéim seo, féadann tú leanúint ort i mbun ioncam breise a fháil agus tú ag obair.
Tabhair do d’aire nach féidir leat tosú ag obair go dtí go bhfuil cead i scríbhinn faighte agat ón roinn chun é seo a dhéanamh, tar éis dúinn d’iarratas ar Shochar Cumais Pháirtigh a mheas.
Beidh an ráta íocaíochta a fhaigheann tú, i dteannta le do chuid tuillimh féin, bunaithe ar do Phinsean Easláine reatha nó d’íocaíocht Sochair Breoiteachta agus ar mheasúnú leighis. Ní bhaineann baol ar bith le do shochair agus an measúnú seo á dhéanamh agat. Tá an scéim deonach agus tá sé deartha chun borradh ioncaim a thabhairt duit agus tú ag obair.
Dearadh an scéim ionas nach mbeidh aon teorainneacha ar thuilleamh ó fhostaíocht nó ar líon na n-uaireanta is féidir leat oibriú.
Faoin scéim seo, is féidir filleadh ar do chéad íocaíocht arís, fad is atá do bhunchoinníollacha éilimh fós á gcomhlíonadh agat.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le foireann an tSochair Chumais Pháirtigh.
Obair agus Rochtain
Is sraith de thacaíochtaí é Obair agus Rochtain chun cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas post a aimsiú nó a choinneáil. Tá sé mar aidhm ag na tacaíochtaí bacainní san ionad oibre do dhaoine atá faoi mhíchumas a bhaint nó a laghdú.
Áirítear ar na tacaíochtaí do Chuardaitheoirí Poist, Daoine Fostaithe, Daoine Féinfhostaithe:
- Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre, chun cabhrú le riachtanais le haghaidh tacaíochtaí breise a shainaithint
- Tacaíocht Chumarsáide, le haghaidh an agallaimh agus san obair
- Tacaíocht san Ionad Oibre, chun cabhrú leat feidhmiú i do phost
- Léitheoir Pearsanta, chun cabhrú leat san obair
- Trealamh Oibre, chun cabhrú leat i do phost
Ar na tacaíochtaí Oibre agus Rochtana ón bhfostóir, áirítear:
- Measúnú Riachtanas don Ionad Oibre, chun cabhrú le riachtanais fostaithe le haghaidh tacaíochtaí breise a shainaithint
- Oiriúnú don Ionad Oibre, chun freastal ar riachtanais bhreise fostaithe
- Oiliúint um Chomhionannas Míchumas agus Cuimsiú, chun rochtain ar oiliúint do bhaill foirne a sholáthar d’fhostóirí agus d’eagraíochtaí chun feasacht agus tuiscint níos fearr a fháil ar mhíchumas san ionad oibre
Scéim Fóirdheontais Pá
Soláthraíonn an Scéim Fóirdheontais Pá tacaíocht airgeadais d’fhostóirí san earnáil neamhphoiblí chun daoine faoi mhíchumas a fhostú, chun cabhrú leis na costais a bhaineann le cúraimí nó ról an phoist a oiriúnú go suntasach a chlúdach. Féadfaidh fostóir méadú uathoibríoch a fháil ar an ráta íocaíochta fóirdheontais má fhostaíonn siad níos mó fostaithe ar an Scéim Fóirdheontais Pá. Tá na coinníollacha fostaíochta céanna ag fostaí faoi mhíchumas ar an scéim is atá ag fostaithe eile.
Caithfidh an obair a thairgtear a bheith ar feadh 15 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar a laghad agus tá an fóirdheontas ar fáil suas go 39 uair sa tseachtain.
Cárta Leighis agus Pas Saorthaistil
Do Chárta Leighis a Choinneáil agus tú ag obair:
Má tá tú ag filleadh ar obair lánaimseartha nó obair pháirtaimseartha, tá seans ann go mbeidh tú in ann do chárta leighis a choinneáil. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin FSS le haghaidh chun tuilleadh sonraí.
Do Phas Saorthaistil a Choinneáil agus tú ag obair:
Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Saorthaistil (Pas) ar fáil anseo.
Clár WorkAbility: Bealaí Ionchuimsitheacha go Fostaíocht
Tá sé mar aidhm ag WorkAbility: Conairí Cuimsitheacha chun Fostaíochta tionscadail áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a mhaoiniú a chuireann conairí forásacha ar fáil chuig an bhfostaíocht (lena n-áirítear féinfhostaíocht) trí oideachas, oiliúint, forbairt scileanna agus tacaíochtaí san ionad oibre do dhaoine faoi mhíchumas, bunaithe ar a riachtanais, a gcumais agus a n-acmhainneacht.
Tacaí do Chéimithe faoi Mhíchumas
Maoiníonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an Cumann um Ardoideachas Rochtana agus Míchumas (AHEAD) chun an clár Meantóireachta Toilteanach Ábalta (WAM) agus an clár ‘Get Ahead’ a sholáthar do mhic léinn tríú leibhéal agus do chéimithe faoi mhíchumas.
Is clár socrúcháin oibre é WAM a chabhraíonn le céimithe faoi mhíchumas fostaíocht a fháil. Faigh tuilleadh eolais faoin gclár WAM anseo.
