Tacaíochtaí do Dhaoine atá ag Obair
Tugann an leathanach seo eolas duit faoi na tacaíochtaí Intreo atá ar fáil do dhaoine atá ag obair.
Tacaíochtaí do Dhaoine atá ag Obair
Ní bhíonn a fhios ag mórán daoine go bhféadfaí tacaíochtaí eile a chur ar fáil dóibh agus iad ag filleadh ar an obair, nó go bhféadfaidís íocaíochtaí áirithe atá a bhfáil acu faoi láthair a choinneáil fiú, an Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist, an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, agus an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ÍTF) san áireamh, ag brath ar a ráta ioncaim agus cúinsí an teaghlaigh.
Meastóir Sochair Oibre
Tugann an Meastóir Sochair Oibre léargas do chuardaitheoirí poist agus do dhaoine a fhaigheann íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar d’ioncam dá dtosófá ag obair nó dá n-oibreofá níos minice, ach is í an fhírinne í go mbíonn formhór na ndaoine níos fearr as ó thaobh airgeadais de tar éis dóibh é seo a dhéanamh.
Coinnigh tacaíochtaí airgeadais agus tú ag obair
Má fhilleann tú ar an obair, go lánaimseartha nó go páirtaimseartha, ní chiallaíonn sé i gcónaí go gcaillfeá do thacaíochtaí ioncaim go léir. D’fhéadfá tacaíochtaí ioncaim ar leith a choinneáil agus d’fhéadfaí tacaíochtaí eile a chur ar fáil nuair a thosaíonn tú ag obair. D’fhéadfadh baint a bheith ag iad seo le hobair lánaimseartha nó le hobair pháirtaimseartha, nó má shocraíonn tú cur le líon na n-uaireanta a oibríonn tú..
D’fhéadfadh teaghlaigh le tuismitheoirí i bhfostaíocht cáiliú do thacaíochtaí ag brath ar a gcúinsí pearsanta agus ar a n-ioncam.
Má tá míchumas ort agus más mian leat tosú ag obair nó leanúint ar aghaidh ag obair, tá réimse tacaíochtaí ar fáil duit. Tá tacaíochtaí ar fáil freisin d’fhostóir chun d’áit oibre a dhéanamh oiriúnach agus tacúil duit.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí atá ar fáil, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin:
Gov.ie/DSP - Coinnigh tacaíochtaí airgeadais agus tú ag obair
An Rogha Oibre Deonaí
Ceadaíonn an Rogha um Obair Dheonach do lucht cuardaigh fostaíochta obair san earnáil dheonach. Más mian leat obair dheonach a dhéanamh agus leanúint ar aghaidh ag fáil íocaíocht do lucht cuardaigh fostaíochta, ní mór duit iarratas a dhéanamh sula dtosaíonn tú agus ní mór duit leanúint de na coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh maidir le bheith ar fáil le haghaidh oibre agus obair a lorg go dícheallach.
Cártaí leighis agus obair
Má tá tú dífhostaithe agus má tá tú ag filleadh ar obair lánaimseartha nó pháirtaimseartha, d’fhéadfadh go mbeifeá in ann do chárta leighis a choinneáil.
Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin FSS chun tuilleadh sonraí a fháil..
Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach
Is éard atá sa Liúntas Forlíontach Leasa Bunúsach ná liúntas seachtainiúil a íoctar le daoine nach bhfuil a ndóthain ioncaim acu chun a gcuid riachtanas féin agus riachtanais a dteaghlach a riar. Má tá tú tosaithe ag obair, d’fhéadfadh go gcáileodh tú don Liúntas Forlíontach Leasa bunúsach ar feadh suas le 30 lá is tú ag feitheamh le do phá.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí atá ar fáil, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin:
Gov.ie/DSP - Coinnigh tacaíochtaí airgeadais agus tú ag obair
